Psalm 23.

Cúram Dhé dha thréud toghtha.

Psalm Dháibhi.

A SE an TIGHEARNA mo áodhaire; agus ní bhíaidh easbhuidh orum.
Do bheir sé orum luighe a n-inbhear fhéir mínligh: tréorochuidh sé mé láimh ris na h-uisgeadhuibh ciúin.
Aiseóguigh sé m'anam: tréorochuidh sé mé a slíghibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
Fós, ar son go siúbhlochuinn a ngleann scáile an bháis, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir [atá] tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Gléusfa tú clár fám choinne a bhfíaghnuise mo námhad: do ungaidh tú mo cheann le h-ola, atá mo scála ag cur thairis.
Go dearbhtha leanfuidh maith agus trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus do dhéanad áitreabh a ttigh mo THIGHEARNA go bráth.